Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Virgina Giuffre tar éis bháis

26 APRIL 2025, 16:41

Virgina Giuffre tar éis bháis
X Facebook

Tá Virgina Giuffre, Meiriceánach a chuir líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéis i leith Jeffrey Epstein agus Prionsa Andrew na Breataine tar éis bháis. Thug a teaghlach le fios gur chuir sí lámh ina bás féin.

Bhásaigh Virgina Giuffre a bhí 41 bliain d'aois in iarthar na hAstráile, áit go raibh sí ina cónaí le tamall do bhlianta.

Bhí Giuffre ar dhuine de na daoine is mó a labhair amach ag cur líomhaintí i leith Jeffrey Epstein nach maireann agus a iar-chailín, Ghislaine Maxwell.

Líomhnaigh sí go ndéanadh gáinneáil uirthi go dtí An Prionsa Andrew nuair a bhí sí 17. Shéan an Prionsa na líomhaintí go láidir.