Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Agóidí sráide ar bun i mBaile Átha Cliath

26 APRIL 2025, 17:31

Na mílte ag léirsiú i mBaile Átha Cliath
X Facebook

Ghlac tuairim is 5,000 duine páirt i slógadh frith-inimirce i mBaile Átha Cliath inniu.

Bhailigh siad le chéile sa Ghairdín Cuimhneacháin agus mháirseáil siad síos Shráid Uí Chonaill le comharthaí éagsúla á n-iompar acu, ina measc 'Tá Éire lán'.

Chomh maith le sin, Bhí tuairim is 1,000 duine eile ón ngrúpa ''Aontaithe in aghaidh an chíníochais'' i mbun léirisithe chomh maith.

Dúirt an grúpa sin gur thug siad faoi shráideanna na príomhchathrach chun a thaispeáint go bhfuil fáilte roimh imircigh in Éirinn.

Deir siad go raibh tacaíocht acu ó 50 eagraíocht san áireamh, eagraíochtaí ceardchumainn, Aontas na Mac Léinn, gníomhaithe tithíochta agus grúpaí imircigh.

Bhuail an dá agóid lena chéile ar Shráid Uí Chonaill i gcroílár na príomhchathrach.

Cé go raibh teannas san aer, níor tharla aon eachtra.

Bhí aonad na n-ord poiblí de chuid an Gharda Síochána i láthair agus bhí tacaíocht acu chomh maith ó aonad tacaíochta na nGardaí san aer.

Tá deireadh leis na hagoidí anois. Tá Gardaí fós ar dualgas sa phríomhchathair tráthnóna.