Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Lá mór eile i bhféilire an CLG

27 APRIL 2025, 21:49

Port Láirge go mór chun cinn ar an gClár
X Facebook

Tá na craobhacha idirchontae iomána agus peile tar éis treabhadh leo go tréan an deireadh seachtaine seo.

Tá cluichí ag teacht i mullach a chéile geall leis anois faoin leagan amach nua atá istigh anois le cupla bliain.

D'imir an córas céanna a thionchar go láidir ar chluiche amháin peile ar an Domhnach sa Tullach Mhór leathchraobh laighean idir Cill Dara agus an Lú, ina bhfacthas na caillteoirí dícháilithe chuig Corn Tailteann, na buaiteoirí fanta sa bpríomh-chraobh agus i gcluiche ceannais an chúige.

B'iad an Lú a bhuaigh ar deiridh agus tá siad anois i gcraobhchluiche Laighean don 3ú bliain as a chéile.

An Lú buacach in aghaidh Chill Dara sa Tullach Mhór

I gCúige Mumhan bhí bruth agus teaspach san iomáint ansin ó chonacthas an dá chomhscór an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí an Clár ag súil le Port Láirge a bhualadh i bPáirc an Bhreathnaigh.

Ach bhí na Déise sa mbaile áfach,d'fhág sin cúrsaí sách géar do churaithe uile Éireann.

Agus bhí Port Láirge buacach, 2-23 le 0-21.

Corcaigh agus Tiobraid Árann a bhí sa chluiche eile i gCúige Mumhan inniu.

Bhí na Tiobradaigh go géar ar thóir díoltais ón gcláradh a fuair siad sa gcluiche ceannais sraithe Allianz 3 seachtainí ó shin.

Ach ba le Corcaigh an lá arís, ag buachan go slachtmhar.

I gCraobh Laighean bhuaigh Cill Chainnigh a ndara cluiche craoibhe i mbliana agus iadsan i ndiaidh taisteal go Béal Feirste le Aontroim a imirt.

Aontroim ag imirt go maith in aghaidh Chill Chainnigh ach buann na cait ar deiridh

Ar feadh i bhfad bhí Aontroim ag imirt thar barr, iad cúilín chun deiridh isteach sa dara leath, 2-11 in aghaidh 0-18.

Ach tharraing Cill Chainnigh chun cinn sa dara leath agus bhuaigh 2-30 le 2-12.

Bhí Aontroim cúilín chun cinn ag leath-am bhuíochas nach beag don naoscaire sin,James McNaughton a scóráil 1-06.

2-08 le 0-13 a bhí ansin ag leath-am i bhfábhar Aontroma, cé go raibh Cill Chainnigh 0-05 le 0-00 chun cinn ag tráth amháin.

Imríodh 2 chluiche eile sa chraobh cúige sin inné.

Bhuail Gaillimh an fhoireann baile, Uíbh Fhailí sa Tullach Mhór agus chloígh Baile Átha Cliath Loch Garman i bPáirc Pharnell.

Tír Eoghain buailte ar éigin ag na seaimpíní craoibhe Ard Mhacha

Inné i gCluain Eois a bhí an cluiche mór peile i gCraobh Uladh, seaimpíní uile Eireann Ard Mhacha ag fáil an cheann is fearr ar Thír Eoghain le haon chúilín amháin agus áit cinntithe ag buachaillí Kieran McGeeney i gcluiche ceannais an chúige.

Imreoidh siad Dún na nGall anois a fuair an lámh in uachtar ar Chontae an Dúin inniu.