Deir gnáth-bhaill an Gharda Síochána nach bhfuil an struchtúr póilíneachta mar atá i bhfeidhm sa Gharda Síochána faoi láthair oiriúnach ar bhealach ar bith.
Deir siad go bhfuil an córas seo i ndiaidh teipeadh go hiomlán agus go bhfuil sé thar am anois ag an Rialtas agus Coimisinéir an Gharda Síochána athbhreithniú a dhéanamh air agus na torthaí a fhoilsiú.
'Níl ann uilig ach maorlathas ar bheagán céille' a deir na gardaí, 'á gcoinneáil in oifigí i mbun páipéarachais nuair ba thairbhí dúinn bheith amuigh ar na sráideanna ag cosaint an phobail'.

Cuireadh tús le comhdháil bhliantúil Chumann Ionadaíoch an Gharda Síochána (GRA) i gContae Chiarraí anocht.
Don dara bliain as a chéile áfach ní bheidh an Coimisinéir, Drew Harris i láthair mar nach bhfuil aon chuireadh ann dó ón GRA.
Tá an GRA ag iarraidh freisin nach mbeadh an oiread laincísí orthu mar a deir siad agus iad ag iarraidh dul i ngleic le coirpigh.
Molann siad don Choimisinéir Harris agus don Aire Dlí is Cirt,Jim O'Callaghan féachaint chuige go mbunaítear cúrsa nua traenála do ghardaí a bheadh ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta.