Tá sos comhraic trí lá sa chogadh san Úcráin fógartha ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin, a thiocfaidh i bhfeidhm mí Bealtaine tráth a bheidh comóradh ar siúl ar bhua Aontas na Sóivéide sa Dara Cogadh Domhanda, 80 bliain ó shin.
Beidh comóradh fairsing ar siúl an 9 Bealtaine, nuair a bheidh ceannairí idirnáisiúnta ar nós Xi Jinping i láthair i Moscó, agus tosóidh an sos comhraic an lá roimhe sin, agus mairfidh lá ina dhiaidh.
Mhol Vladimir Putin go ndéanfadh an Úcráin amhlaidh, agus bhagair athbhuille láidir mura gcloífí lena mholadh.
Dúirt aire gnóthaí eachtracha na hÚcráine, Andrii Sybiha, go raibh an tír faoi réir tacú le sos comhraic buan agus seasmhach, agus dá mbeadh a leithéid ón Rúis, go n-éireodh siad as a gcuid ionsaithe láithreach.
Idir an dá linn, tá brú á chur ag na Stáit Aontaithe ar an Úcráin an Chrimé a ghéilleadh don Rúis mar chuid de bheartas síochána.
Dar le Meiriceá, beidh an tseachtain seo ar an tseachtain is tábhachtaí sa próiséas chun an cogadh a thabhairt chun deiridh.
Dúirt an tUachtarán Donald Trump gur mheas sé go raibh an tUachtarán Zelsensky faoi réir leis an gCrimé a ghéilleadh, 11 bhliain tar éis don Rúis í a ghabháil.
Bhí cruinniú ag an mbeirt uachtarán sa Vatacáin Dé Sathairn, roimh shocraid an Phápa Prionsias.
Tá feachtas láidir ar bun ag Trump ó insealbhaíodh é mí Eanáir deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin. Mhaigh sé roimh an toghchán mí na Samhna go bhféadfadh sé an cogadh a thabhairt chun críche in aon lá amháin.
Ach anois tá sé ag iarraidh ar Vladimir Putin 'na hurchair a stopadh, suí síos agus an socrú a shíniú'. Deir Donald Trump go bhfuil creatlach an tsocraithe ann agus nach bhfuil ag teastáíl anois ach é a shíniú.
Coicís atá sé ag tabhairt don obair leis an socrú a dhainginiú, is cosúil, agus tá sé tugtha le fios go bhféadfadh na Stáit Aontaithe súíl ó ról an idirghabhálaí mura mbeidh socrú ann faoi sin.
Ach deir Stát-Rúnaí Marco Rubio gur seachtain thar a bheith tábhachtach an tseachtain seo, á rá go rabhtas i ngar do shocrú, ach gan bheith sách gar fós.
In ainneon na cainte ar fad faoi shocrú, tá an chogaíocht a rinne scrios ar lear mór de chríocha thoir na tíre agus a mharaigh na scórtha míle duine, fós ag leanúint ar aghaidh.
Aréir féin, sheol an Rúis ionsaithe dróin agus diúracáin ag marú ceathrair agus ag gortú beaganach scór eile.
Níl aon eolas faoin socrú síochána atá faoi chaibidil, ach tá caint ann faoin líne cogaidh a reo san áit a bhfuil sé agus faoi ghlacadh le ceannas na Rúise ar an gCrimé.
Tá sé séanta i gcónaí ag Volodimir Zelensky go ngéillfeadh sé an Chrimé do Mhoscó.
Tá thart ar 20% de chríoch na hÚcráine faoi smacht na Ruíse, an Chrimé san áireamh, ó thosaigh ionsaí na Rúise ar an tír mí Feabhra 2022.