Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Comhthionól na gCairdinéal le tosú an 7 Bealtaine

28 APRIL 2025, 12:22

An Séipéal Sistíneach, mar a mbeidh na cairdinéil faoi ghlas go dtoghfar pápa nua
X Facebook

An 7 Bealtaine seo chugain a ghabhfaidh cairdinéil na heaglaise Caitlicí i mbun a gcruinniú rúnda chun comharba ar an bPápa Prionsias a roghnú.

Tosóidh siad le hAifreann i mBaisleac Pheadair, agus ina dhiadh sin tabharfaidh siad aghaidh ar an Séipéal Sistíneach áit a mbeidh siad faoi ghlas go mbeidh móramh de dhá thrian acu i bhfábhar iarrthóir amháin don Suí Naofa.

Tá an séipéal cáiliúil a mhaisigh Michaelangelo féin dúnta anois lena réiteach don chomhthionól rúnda.

Ar maidin a chruinnigh na cairdinéil den chéad uair ó shochraidh Phrionsias Dé Sathairn. As na 252 cairdinéal atá ann, níl cead vótála ach ag 135, an dream atá faoi bhun 80 bliain d'aois.

Tá rialacha diana rúndachta agus deasghnátha dainge ag baint leis an bpróiséas a fheiceann 4 vóta sa lá, péire ar maidin agus péire sa tráthnóna.

Deatach dubh ó shimléir an tséipéil a insíonn nach bhfuil toradh ar an vóta, deatach bán a fhógraíonn teacht an phápa nua.

Níor mhair an dá chomhthionól deireanach i 2005 agus 2013 ach dhá lá. Ach meastar anois go mbeidh sé nios faide ná sin an uair seo ó cheap Prionsias an oiread de na cairdinéil atá i dteideal vóta agus gur beag aithne atá acu ar a chéile.

Ina theannta sin, baineann go leor de na cairdinéil nua le háiteanna ar domhain nach mbíodh ionadaí acu i gColáiste na gCairdinéal, áiteanna ar nós Maenmar, Haiti agus Ruanda

Dé Luain seo caite a cailleadh an Pápa Prionsias, agus measadh gur fhreastal os cionn 400,000 duine ar na deasghnátha a bhain lena shochraid.

An cheist anois é an leanfaidh na cairdinéil leis an gclár leasuithe a thosaigh sé, nó an bhfillfear ar nósanna níos coimeadaí don Eaglais.