Tá éirithe le Páirtí Liobrálach Phríomh-aire Cheanada Mark Carney fanacht i gcumhacht i ndiaidh olltoghchán na tíre sin.

343 suíochán atá i dTeach na dTeachtaí i gCeanada.
Leis an gcomhaireamh ar fad nach mór déanta, tá 168 suíochan aimsithe ag na Liobrálaithe agus 144 suíochán faighte ag an bPáirtí Caomhach.

Ní fios fós an n-éireoidh leis na Liobrálaithe an 172 vóta atá ag teastáil chun móramh a bhaint amach a aimsiú. Tá 172 suíochán ag teastáil uathu chun go mbeadh siad in ann a bheith i gcumhacht gan tacaíocht ó pháirtí beag.
Bhí an páirtí Liobrálach go maith taobh thiar sna pobalbhreitheanna trí mhí ó shin, sular tháinig Mark Carney isteach in áit Justin Trudeau mar cheannaire.

In óráid a thug sé dá lucht tacaíochta in Ottawa, dúirt Mark Carney nach ngéillfeadh Ceanada do bhrú ó na Stáit Aontaithe.
Dúirt sé go bhfuil Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ''ag iarraidh sinn a bhriseadh agus ní tharlóidh sé sin riamh'' a dúirt Mark Carney.

Tá comhghairdeas déanta ag an dTaoiseach Micheál Martin agus ag an dTánaiste agus Aire Gnóthaí , Simon Harris le Mark Carney.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil caidreamh domhain atá bunaithe ar luachanna comhroinnte ag Éire agus Ceanada agus dúirt sé go bhfuil sé ag súil le bheith ag obair le Rialtas nua Cheanada.
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Harris go bhfuil súil aige an pháirtnéireacht atá idir an dá thír a neartú agus comhoibriú le chéile chun dul i ngleic leis na dushláin a bheidh ann sa todhchaí.