Deir an comhlacht atá freagrach as greasán leictreachais na Spáinne, Red Eléctrica na Spáinne (REE) agus Rialtas na Portaingéile go bhfuil cibirionsaí curtha as an áireamh acu mar údar na bhfadhbanna a bhain le cliseadh cumhachta ollmhór a bhuail mórchuid na Spáinne agus na Portaingéile inné agus a d'fhág na milliúin gan aibhléis.

Thug an comhlacht REE le fios go bhfuil an córas leictreachais seasmhach anois agus ag feidhmiú mar is ceart. Ach, cé go bhfuil cúrsaí aibhléise ar ais ag obair arís, tá fadhbanna móra fós ann i dtaca le cúrsaí taistil agus moill ar sheirbhísí traenach agus ar eitiltí fós inniu.

Ní fios fós go díreach ca ba chúis leis an gcliseadh cumhachta ollmhór, a dúirt Príomh-aire na Portaingéile Luís Montenegro. Deir Príomh-aire na Spáinne Pedro Sanchez go bhfuil fiosrúchán iomlán ar bun.

Bhí Rí na Spáinne, an Rí Felipe VI ina chathaoirleach ar chruinniú náisiúnta slándála a reáchtáladh sa Spáinn inniu féachaint lena a fháil amach cad go díreach a tharla.