Cuireadh giúiré faoi mhionn san Ard Chúirt inniu i gcás clúmhillte atá á thógáil ag Iar-Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, i gcoinne an BBC.

Maíonn Gerry Adams go ndearnadh clúmhilleadh air i gclár Spotlight de chuid an BBC a craoladh i 2016.
Deir Adams gur tugadh le fios go mícheart gur thug sé cead go marófaí iar-oifigeach sinsearach de chuid Shinn Féin, Denis Donaldson.
Lámhacadh agus maraíodh Denis Donaldson i 2006, roinnt míonna i ndiaidh do admháil gur brathaóir a bhí ann do na póilíní agus do M15 ar feadh breis agus 20 bliain.
Tá sé séanta ag Gerry Adams go raibh aon bhaint aige leis an marú.