Tá muintir Thoraí ag fanacht go fóill ar bhád farantóireachta úr seacht mbliana i ndiaidh do bhád a bheith geallta dóibh.
I 2018, vótáil muintir oileán Thoraí chun glacadh le moltaí a rinne Pól Ó Gallachóir ar son Roinn na Gaeltachta.
Baineadh roinnt de na spriocanna a bhí sna moltaí amach, cosúil le crann tógála úr agus foscadáin ar ché Thoraí agus Cé Mhachaire Rabhartaigh.
Ach tá dhá sprioc suntasacha a bhí geallta sna moltaí nach bhfuil bainte amach go fóill, sé sin go mbeadh bád úr farantóireachta curtha ar fáil don oileán agus staidéar féidearthachta déanta ar ché Mhachaire Rabhartaigh.

Thug an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maoiniú de nach mór €102,000 do chomhairle chontae Dhún na nGall i 2022 le staidéar féidearthachta a dhéanamh ar ché Mhachaire Rabhartaigh. Dúirt an Roinn go raibh siad ag fanacht ar thorthaí agus ar mholtaí an staidéir sin ón gComhairle Contae, sula nglacfar aon chéim eile maidir leis an bhád úr farantóireachta a bhí geallta do mhuintir Thoraí i 2018.
I ráiteas, dúirt an Roinn gur cheadaigh siad "maoiniú de €101,844 do Chomhairle Contae Dhún na nGall in 2022 chun staidéar a dhéanamh ar cheist na cé leis an fhadhb a bhaineann le grinneall na farraige a réiteach. Tá an Roinn ag fanacht ar thorthaí agus ar mholtaí an staidéir sin ón gComhairle Contae sula nglacfar aon chéim eile maidir le bád úr."
Ach de réir eolais atá faighte ag 7LÁ ó chomhairle chontae Dhún na nGall, níor cuireadh tús leis an staidéar féidearthachta seo, níl sprioc-am luaite chun é a chur i gcrích agus níor dearnadh aistarraingt ar an mhaoiniú a ceadaíodh.

I ráiteas, dúirt an chomhairle go bhfuair siad "maoiniú de €101,844 in 2022 le staidéar féidearthachta a dhéanamh ag Cé Mhachaire Rabhartaigh. Sin ráite, níor cuireadh an obair seo i gcrích go fóill" agus "níl tarraingt anuas ná dul chun cinn déanta maidir leis an tuarascáil féidearthachta a ullmhú. Tá breithmheas de dhíth i gcead do phróiseas airgeadais de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Ullmhaíodh dréacht lena phlé ach níl dul chun cinn déanta de bharr ualach oibre. Mar sin, níor cuireadh tús leis an staidéar féidearthachta, níl sprioc-am luaite ná níor dearnadh aistarraingt ar an mhaoiniú a ceadaíodh."
I moltaí Pól Ó Gallachóir, dúradh go mbunófar Coiste Bhád Úr Thoraí ar a mbeadh ionadaithe ón Roinn, ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Chomharchumann Thoraí. Bheadh sé de chúram ar an Choiste moltaí a chur ar fáil don Roinn tar éis sé mhí maidir le bád úr farantóireachta don Oileán agus bheadh 18 mí ansin ag an roinn leis an bhád úr a chur ar fáil. Ach de réir eolais atá faighte ag 7LÁ faoin acht um shaoráil faisnéise, níl taifead ar bith ar fáil do mhiontuairiscí ón choiste seo, agus tuigeann 7LÁ nár bunaíodh an choiste ariamh.
I ráiteas, dúirt comharchumann forbartha Thoraí "Is eol dúinn nach bhfuil dóthain foirne ag Comhairle Contae Dhún na nGall faoi láthair agus ina ainneoin sin tá cumarsáid oscailte againn leo i gcónaí. Tá muid ag fanacht le scéala ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maidir le dul chun cinn an bháid farantóireachta úr d'Oileán Thoraí agus uasghrádú ar na céanna ag Machaire Rabhartaigh agus i dToraigh."
Beidh le feiceáil mar sin cé atá gabhail a ghlacadh an chéad chéim eile, sa dóigh agus go mbeidh na gealltanais a bhí déanta i 2018 comhlíonta.
Beidh tuilleadh faoin scéal seo ag Joe Mac Aoidh anocht ar 7LÁ ag an 8 a chlog ar TG4.