Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gá le tuilleadh imscrúdaitheoirí fóiréinseacha imbhuailtí

30 APRIL 2025, 09:10

Gá le tuilleadh imscrúdaitheoirí fóiréinseacha imbhuailtí, a deir Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána
X Facebook

Tá gá le tuilleadh imscrúdaitheoirí fóiréinseacha imbhuailtí, a deir Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána.

Tá an Cumann ag achainí ar Choimisinéir na nGardaí Drew Harris, dul i ngleic ar bhonn práinne leis an easnamh atá sa bhfórsa maidir le líon na n-imscrúdaitheoirí fóiréinseacha imbhuailtí atá in ann imscrúdú a dhéanamh nuair a tharlaíonn timpiste bhóthair.

Faoi láthair, tá 11 imscrúdaitheoir fostaithe sa Gharda Síochána a chludaíonn an tír ar fad, in ainneoin go bhfuil moladh déanta ag Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Bóithre go mba cheart go mbeadh 24 imscrúdaitheoir ar laghad fostaithe sna Gardaí.

Tá an moladh bunaithe ar 138 eachtra. Bhásaigh 174 duine i dtimpistí bóthair anuraidh.

Deir Ceanncheathrú na nGardaí go bhfógrófar comórtas d'imscrúdaitheoirí nua go luath.