Tá Comhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann, an IRHA, ag achainí go ndéanfaí athbhreithniú ó bhonn ar an Údarás Um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ar conas mar a dhéanann an tÚdárás an córas a bhaineann le scrúdaithe tiomána a reáchtáil.

Le 5 bliana anuas, tá ardú tagtha ar an méid ama a bhíonn ar dhaoine fanacht ar scrúdú tiomána ó 6 seachtaine go 24.
Léirigh tuarascáil bhliantúil an RSA i 2019 gur 6 seachtaine an t-achar feithimh a bhí ann ar an meán do scrúdú tiomána.

Anois i 2025, bíonn daoine ag fanacht 24 seachtaine ar an meán chun scrúdú tiomána a dhéanamh, a deir an RSA.

Ag deireadh Mhárta bhí 378,652 tiománaí faoi oiliúint sa Stát i gcomparáid leis an 233,025 a bhí ann ag deireadh 2019.

Dúirt Uachtarán an IRHA, Ger Hyland go gcreideann sé go bhfuil an t-ardú seo ann toisc go bhfuil 'drochbhainistiú ar bun ar chóras na scrúdaithe tiomána''.