Tá sé ráite ag Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go bhfuil údar mór imní agus amhrais ann faoi neamhchlaontacht UNWRA, an ghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe do theifigh de chuid na Palaistíne.
Bhí oifigigh de chuid na Stát Aontaithe ag tabhairt fianaise inniu ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta atá i mbun éisteachtaí faoi láthair faoi chogadh Iosrael i nGaza.

Tá sé beartaithe ag Breithiúna na Cúirte Idirnáisiúnta 5 lá a chaitheamh, ag cíoradh fianaise ó 40 tír agus eagraíocht idirnáisiúnta, faoi dhualgaisí Iosrael i leith eagrais de chuid an UN atá ag iarraidh a bheith i mbun fóirithinte ar Phalaistínigh.
Níl Iosrael féin sásta a bheith i láthair, iad ag rá go bhfuil an Chúirt Idirnáisiúnta i mbun géarleanúna orthu agus ag iarraidh dlistineas na tíre a chuir ó mhaith.
Bhí Meiriceá, sa Háig tráthnóna agus iad ag maíomh nach féidir a rá go bhfuil UNWRA neamhchlaonta.

Tá cosc curtha ag Iosrael orthu, a dúirt Joshua Simmons ó Roinn an Stáit i Washington, mar gheall a dúirt sé, go raibh baill foirne de chuid UNWRA páirteach a dúirt sé, san sceimhle a déanadh bliain go leith ó shin nuair a hionsaíodh sibhialtaigh in Iosrael.
Deir Meiriceá nach bhfuil aon dualgas ar Iosrael cead oibre a thabhairt do UNWRA, agus go bhfuil roghanna eile ann le cabhrú le daoine i nGaza.

Breithiúnas comhairleach a thiocfaidh óna Breithiúna as seo go ceann cupla mí, agus cé nach mbeidh ceangal de réir dlí leis, beidh tábhacht agus tionchar aige a deir saineolaithe.
Idir an dá linn, deir leithéidí Dochtúirí gan Teorainneacha agus eagrais eile, go bhfuil muintir na Palaistíne ar a bhfaraor géar anois, bia agus breosla thar a bheith gann, gorta ag bagairt go forleathan agus gan stad ar chogaíocht Iosrael.