Bhronn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath céim oinigh ar an Iar-Thaoiseach Enda Kenny inniu as an méid atá déanta aige don saol poiblí.
Dúirt Seansailéir DCU Brid Heron go rabhthas i mbun ceiliúrtha ar Enda Kenny mar fhear agus mar cheannaire polaitíochta agus go raibh súil aici go spreagfadh a scéal, mic léinn na hollscoile.

Dúirt an Dochtúir Eoin O' Malley de chuid na hOllscoile go raibh Enda Kenny ar dhuine do na Taoisigh ba ráthúla a bhí ag an dtír.

Dúirt sé gur chabhraigh meon dearfach Enda Kenny agus an cur chuige lách, gnáiúil atá aige leis an dtír teacht amach as an ghéarchéim eacnamaíochta.
Dúirt sé gur chreid sé go raibh an t-ádh leis an dtír go raibh Enda Kenny i gceannas le linn tréimhse a bhí an-deacair i stair na tíre.
Agus é ag glacadh leis an onóir, dúirt Enda Kenny nár cheap sé riamh go dtarlódh a leithéid. Dúirt sé gur pribhléid agus onóir mhór a bhí ann do an chéim oinigh a fháil.