Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Amhras gur tharla rud éigin do Tina Satchwell blianta ó shin

30 APRIL 2025, 17:40

Richard Satchwell atá cúisithe i ndúnmharú a mhná céile Tina Satchwell i 2017
X Facebook

Sa Phríomhchúirt Choiriúil, ag triail Richard Satchwell atá cúisithe i ndúnmharú a mhná céile, dúirt Iar-Sháirsint go raibh na Gardaí in amhras gur tharla rud éigin do Tina Satchwell 6 bliana sula fritheadh a corp.

Fuarthas taisí Tina Satchwell a bhí 45 bliain d'aois, faoin urlár, faoin staighre, i seomra suite na lánúine in Eochaill i gContae Chorcaí i Mí Dheireadh Fómhair 2023.

Tá Richard Satchwell ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú a mhná céile, Tina i Márta 2017.

Dúirt an tIar-Sháirisint John Sharkey as Stáisiún na nGardaí in Eochaill gur sheiceáil Gardaí físeáin CCTV thart ar Eochaill, cuireadh tús le feachtas ar na meáin shóisialta, lorgaíodh cabhair ó stáisiúin raidió agus teilifíse agus chuaigh siad ó dhoras go doras ag lorg eolais ón bpobal, a dúirt sé.

Bhí Gardaí den tuairim gur tharla rud éigin do Tina agus lorgaíodh barrantas cuardaigh don teach ina raibh sí féin agus Richard ina gcónaí.

Ní raibh Richard sa teach nuair a rinneadh cuardach oifigiúil, cuimsitheach ann ag tús Mhí an Mheithimh, a dúirt John Sharkey.

Chualathas fianaise ón nGarda Cathal Whelan a ghlac grianghraif sa teach ar Shráid Grattan le linn an chuardaigh.

Bhí an teach míshlachtmhar, bhí salachar ó mhadraí ar an urlár agus bhí an chuma air go raibh an staighre tógtha le h-adhmad úr nach raibh peinteáilte, a dúirt sé.

Thug an Dochtúir Edward Connolly saineolaí dlí-eolaíoch fianaise inniu nach bhfuair sé aon rian fola sa teach ar an 7ú Meitheamh ach thug sé faoi ndeara, a dúirt sé go raibh obair athchóirithe déanta ar an staighre.

Thug an Bleachtaire Sáirsint Daniel Holland fianaise gur thug Richard Satchwell le fios do na Gardaí go ndearna Tina ionsaithe fisiciúla air go minic ach nach ndearna seisean amhlaidh riamh toisc go raibh a chroí istigh inti.

Tina Satchwell

Tráthnóna, chuala an giúire giotaí d'agallaimh a rinne Richard Satchwell le meáin éagsúla nuair a bhí Tina ar iarraidh.