Díbríodh 39 duine as an tír thar oíche, ceathrar ban agus cúigear gasúr ina measc, ar chairteitilt chuig a dtír dhúchais an tSeoirsia nuair nach raibh siad tar éis géilleadh d'ordú a bhí faighte acu á ndíbirt.
Ar maidin a thuirling an eitilt as Aerfort Átha Cliath i Tbilisi, príomhchathair na Seoirsia.
Deir Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce gur bhain na gasúir ar fad le teaghlaigh a bhí ar bord.

Seo é an dara huair grúpa daoine díbeartha ar chairteitilt ó tosaíodh an cleachtas an athuair tús na bliana.
Mí Feabhra díbríodh 32 duine nár ghéill d'ordú díbeartha, triúr ban agus gasúr amháin ina measc.
Deir an tAire Dlí is Cirt go bhfuil "dlús á chur" aige faoi chur i bhfeidhm an dlí agus go bhfuil "daingniú ár dteorainneacha ina ghealltanas lárnach agam".
"Bunchloch faoi phróiseas nua-aimseartha riail-bhunaithe é daoine a sheoladh abhaile go tapaidh agus go cóir nuair a dhiúltaítear cead dóibh fanacht sa tír" a dúirt an tAire Jim O'Callaghan agus dúirt sé go gcaithfí tabhairt faoi na slite cuí faoin dlí dá mba mhian le daoine a theacht agus cur fúthu sa tír.
Dúirt sé go raibh go leor de na daoine de bhunú na Seoirsia atá sa tír ina gcónaí anseo go dleathúil agus go bhfuil siad ag cur le saol agus cultúr agus geilleagar na tíre.
3,800 ordú díbeartha le 16 mí
1,800 duine imithe
Tá an Rialtas ag baint leas don chuid is mó as eitiltí tráchtála, agus as cairteitiltí arís a deir siad nuair is áisiúla a leithéid a earcú le grúpa daoine a sheoladh chuig ceann scríbe.
Tá cairteitiltí á bhfeidhmiú faoi chonradh atá sínithe ag an Stát ó mhí na Samhna.
"Sula dtugtar ordú díbeartha" a deir an tAire O'Callaghan "tairgtear cuidiú do dhuine filleadh abhaile go deonach agus sin é an rogha is fearr".
Deir an Roinn Dlí is Cirt gur síníodh 2,403 ordú díbeartha anuraidh, dhá oiread an líon a bhí ann i 2023.
Anuraidh d'fhág 1,116 duine an Stát, idir dhaoine a díbríodh agus dhaoine a d'fhág go deonach tar éis ordú díbeartha a bheith tugtha.
Go dtí seo i mbliana 1,386 ordú atá tugtha agus tá 647 duine tar éis fágáil.
Fágann sin go bhfuil tuairim is 3,800 ordú díbeartha eisithe le 16 mí agus go bhfuil 1,800 tar éis fágáil.