Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

100,000 a rugadh in Éirinn ina gcónaí anois san Astráil

01 MAY 2025, 10:09

Paráid na Féile Pádraig an mhí seo caite i Sydney
X Facebook

Tá líon na ndaoine a rugadh in Éirinn atá ina gcónaí anois san Astráil tar éis a ghabháil os cionn 100,000 de réir na bhfigiúirí oifigiúla.

Léiríonn na sonraí ó Bhiúró Staitisticí na hAstráile go raibh 103,080 duine a saolaíodh sa tír seo ag cur fúthu san Astráil mí an Mheithimh anuraidh, 8,500 duine sa mbreis ar an 94,540 a cláraíodh an bhliain roimhe sin.

Tá an líon tar éis beagnach dúbailt le 20 bliain, 87% d'ardú air ón 55,020 Éireannach a chláraigh an Biúró i 2004.

Ó thuairt an geilleagar i 2007 d'ardaigh sé go tréan - go 96,360 i 2013 - ach bhí sé ag laghdú de réir a chéile go dtí arú anuraidh nuair a thosaigh sé ag méadú arís go tréan. 9,000 de mhéadú a bhí ar an bhfigiúir i 2023.

Ón iasacht 30% de dhaonra na hAstráile

A mhalairt scéil atá ann i gcás daoine as tíortha eile san Aontas Eorpach.

Tá an líon Iodálach san Astráil tite ó 223,000 i 2004 go 156,000 anuraidh.

Ach san iomlán as an 27.2 milliún ina gcónaí san Astráil, is ón iasacht 8.6 milliún.

Sin beagnach duine as gach triúr, 31.5% den iomlán.

As Sasana, India, an tSín agus an Nua-Shéalainn tromlach na ndaoine gallda sa tír, ach deir Biúró na Staitisticí go bhfuil daoine a rugadh i mbeagnach gach tír ar domhan anois ina gcónaí san Astráil.