Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Vóta ag níos mó ná atá ceadaithe ar 11 clár toghthóirí

01 MAY 2025, 11:42

Na
X Facebook

Tá 11 údarás áitiúil sa tír a bhfuil níos mó ainmneacha ar a gcuid cláracha toghthóirí ná an daonra atá i dteideal vóta a chaitheamh.

Tá imní mhór ar Choimisiún na dToghchán, coimsiún neamhspleách, faoin míchruinneas i mórchuid rolla, earráidí a deir siad a théann i bhfad siar de réir mór-thaighde atá déanta acú.

31 rolla toghthóirí atá faoi láthair ann agus gan a bhformhór mór in ann "labhairt lena chéile" rud a fhágann go bhfuil dúbláil ag tarlú go rialta.

Tá eolaithe polaitíochta ann a chreideann go mb'fhéidir go bhfuil 500,000 ainm sa mbreis ar na rollaí ná mar ba chóir ach deir an Coimisiún nach bhfuil aon bhealach acu an líon a mheas go cruinn.

Ach glacann an Coimisiún leis go bhfuil "na céadta míle" earráid dúblála ann.

Deir siad go bhfuil údaráisí áitiúla ann a bhfuil go leor dúbláil ainmneacha ar a gcuid rollaí, nó ainmneacha daoine atá básaithe, ach go bhfuil údaráisí eile ann nach bhfuil an míchruinneas chomh dona.

Sonraítear 7 n-údarás ar leith ina bhfuil cruinneas lag, condaetha ar an gcósta thiar don chuid is mó, agus áirítear iad de réir fóir-chlárú:

Sligeach, Dún na nGall, Contae na Gaillimhe, Contae Chorcaí, Ceatharlach, An Cabhán agus Maigh Eo.

Tá an Roinn Tithíochta agus Rialtais Áitiúil ag tabhairt faoi chlár amháin náisiúnta de thoghthóirí na tíre agus súil acu an obair a thabhairt chun críche faoin bhFómhar 2026.