Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Díomá ar mhuintir Sheán Brown faoi achomharc Rialtas na Breataine

01 MAY 2025, 14:25

61 a bhí Seán Brown nuair a fuadaíodh agus maraíodh é i nDoire i 1997
X Facebook

Tá díomá ar mhuintir Sheán Brown faoi chinneadh Rialtas na Breataine achomharc a lorg ar bhreithiúnas cúirte gur cheart fiocrúchán poiblí a bheith ann faoina dhúnmharú, a deir dlíodóir an teaghlaigh tráthnóna.

Inné a d'fhúgair Londain go raibh siad le ghabháil ag an gCúirt Uachtarach le ordú a thug an Chúirt Achomhairc i mBéal Feirste tús na míosa seo caite faoi fhiosrú a bhunú gan mhoill a chur ar neamhní.

Tá muintir Brown cáinteach freisin nár chuir Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann ar an eolas iad agus gur ar an nuacht a fuair bean chéile Sheáin, Bridie, amach faoi.

Bridie Brown agus a clann Claire Loughran (ar chlé) agus Siobhán Brown ag an gCúirt Achomhairc tús an AIbreáin

87 anois atá Bridie agus beidh uirthi taisteal go Londain le bheith ag an achomharc.

Mharaigh comhaltaí de chuid an ghrúpa Dílseoirí an Loyalist Volunteer Force Seán Brown agus é cur geataí an chumainn áitiúil ar a raibh sé ina chathaoirleach, CLG Wolfe Tone, faoi ghlas i mBaile Eachaidh i gCo Dhoire i 1997.

Níor cúisíodh aon duine riamh faoin marú agus roimh an Nollaig d'ordaigh breitheamh Ardchúirte gur chóir do Rialtas na Breataine fiosrúchán poiblí a bhunú de bharr iad a bheith ag sárú a ndualgas cearta daoine mar go bhfuil fianaise ann go raibh comhcheilg agus comhoibriú rúnda an Stáit i gceist.

Ag coiste cróinéara san Ardchúirt, nach raibh tortha riamh air, léiríodh go raibh meitheal Stáit de chuid na Breataine i measc 25 duine a raibh baint acu leis an dúnmharú.

Bhí freagra le tabhairt ag an Rúnaí Stáit Hilary Benn ar an ordú, théis dheimhniú ar an ordú sin sa gCúirt Achomhairc, roimh an lá amárach ach fuair dlíodóir an teaghlaigh rphost tráthnóna inné ag cur in iúl go mbeadh Rialtas na Breataine i bun achomhairc chuig an gcúirt is uachtaraí agus bhí an scéala fógartha go poiblí ag Hilary Benn sula bhfuair an dlíodóir Niall Ó Murchú deis é a insint dá bhean agus clann.

Beidh teaghlach Brown ar ais sa gcúirt i mBéal Feirste amárach.

An slógadh tráthnóna i mBéal Feirste in aghaidh Acht Oidhreachta na Breataine

Sa gcathair sin tráthnóna cáineadh an Rúnaí Stáit go géar ag slógadh a bhí ag daoine eile ar maraíodh daoine muinteartha leo sna Trioblóidí, léirsiú in aghaidh an Acht Oidhreachta a thug Rialtas na Breartaine isteach bliain is an lá inniu.

Gheall Hilary Benn go gcuirfí an reachtaíocht sin ó mhaith nuair a bheadh sé féin agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht agus níl sé sin déanta.

I láthair inniu bhí ceannaire an SDLP Claire Hanna agus John Finucane, MP de chuid Shinn Féin.