Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gan FLAC in ann ag an éileamh ar chuidiú dlí in aisce

30 JUNE 2025, 16:26

Níor freagraíodh 80% de na glaochanna a fuair an tIonad Comhairle Dlí in Aisce
X Facebook

Tá an tIonad Comhairle Dlí in Aisce (FLAC) tar éis a thabhairt le fios gur mó glaochanna a cuireadh ar an Ionad anuraidh ná i mbliain ar bith ó bunaíodh iad i 1969.

Dá bharr a deir siad ní raibh sé ar a gcumas ach 20% de na glaochanna a fhreagairt.

Ina theannta sin tráthnóna tá an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan tar éis a rá go bhfuil fadhb mhór foréigean teaghlaigh sa tír.

Dúirt an tAire freisin go bhfuil "go leor daoine, nach bhfuil in acmhainn íoc as an tseirbhís, ag lorg comhairle in aisce."

Ina dtuarascáil bhliaintiúil a foilsíodh ar maidin léiríonn an tIonad Comhairle Dlí in Aisce an t-ardú suntasach a tháinig ar líon na nglaochanna (breis is 3,000) agus ar an líon a bhain le foiréigean sa mbaile (539).

Tá imní ar leith faoin ardú ar na figiúirí léirithe ag an eagras feachtais Women's Aid.

Deir an tIonad Comhairle gur chuir dlídóirí ag obair go deonach comhairle dlí ar breis is 3,700 duine.

Deir siad gur tháinig 14% d'ardú ar líon na bhfiosrúchán a bhain le cearta fostaíochta.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Eilís Barry go léiríonn an t-éileamh ar sheirbhisí na heagraíochta go bhfuil géarchéim ann don tromlach daoine a lorgaíonn ach nach bhfaigheann an cúnamh a bhíonn uathu.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Máire Ní Bhraonáin ar Nuacht TG4 ag a 7.