Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Iarratas faoi fhianaise nua tarraingthe siar ag McGregor

01 JULY 2025, 13:05

An t-iarchomhraiceoir ealaíon measctha Conor McGregor
X Facebook

Sa Chúirt Achomharc, tharraing Conor McGregor siar an t-iarratas a bhí déanta aige fianaise nua a chur os comhair na cúirte san achomharc atá sé a dhéanamh faoi rialú a rinneadh anuraidh i gcás sibhialta a thug bean ina aghaidh.

I mí na Samhna anuraidh, rialaigh giúiré san Ard-Chúirt gur éignigh an t-iarchomhraiceoir proifisiunta an bhean, Nikita Hand, in óstán i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag 2018 agus ceadaíodh damáistí luach beagnach €250,000 di.

San fhógra achomhraic a rinne sé maidir le fianaise nua, mhaígh Conor McGregor go raibh sé tagtha chun solais go bhfaca beirt chomharsan le Nikita Hand, go bhfaca siad í á hionsaí ag a páirtí ag an am cúpla uair a chloig tar éis di a bheith san óstán le Conor McGregor.

Sa chúirt ar maidin inniu, áfach, d'fhógair abhcóide Conor McGregor gur theastaigh óna chliant an t-iarratas a rinne sé an líomhain sin a chur os comhair na cúirte a tharraingt siar tar éis dó aighneachtaí a fháil ó dhlíodóirí Nikita Hand.

Cheadaigh an Breitheamh Isobel Kennedy an líomhain a tharraingt siar.

Nikita Hand

Mar sin féin, tá Conor McGregor ag leanúint ar aghaidh lena achomharc ar cheithre bhonn eile.

Dúirt abhcóide Nikita Hand gur tháinig an cor is deireanaí sa scéal aniar aduaidh air féin agus ar a chliant agus d'iarr ar an mbreitheamh cead a thabhairt dó fiafraí den Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an raibh fianaise bhréige tugtha ag Conor McGregor.

Bhí Nikita Hand sa chúirt ar maidin ach ní raibh aon amharc ar Conor McGregor.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ