Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An tAthair Oilibhéar Ó Croiligh curtha i gcré na cille

01 JULY 2025, 15:24

An tAthair Oilibhéar Ó Croiligh a fuair bás Dé Sathairn seo caite
X Facebook

Tugadh moladh as cuimse don sagart aitheanta, an tAthair Oilibhéar Ó Croiligh, ag a Aifreann Éagnairce i gClóidigh i gCo Dhoire inniu.

Fuair an tAthair Ó Croiligh bás Dé Sathairn seo caite in aois a cheithre bliana agus ceithre scór.

Ba as Leamhaigh i gCo Dhoire ó dhúchas an tAthair Oilibhéar ach chaith sé an chuid dheireanach dá shaol i bparóiste na hUrnaí agus Chaisleán na Finne in oirthear Chontae Dhún na nGall.

Óna óige anall, rinne sé taighde mór ar scríbhneoireacht Sheosaimh Mhic Grianna as Rann na Feirste agus d'fhoilsigh dhá leabhar faoin ábhar, mar atá, Bealach Mhic Grianna agus An Crith Beo.

Ina sheanmóir ag an Aifreann inniu, labhair an tAthair Michael Doherty ar ar bhain an tAthair Oilibhéar amach mar scríbhneoir, scoláire agus údar i measc a lán cáilíochtaí eile.

Bhí an tAthair Oilibhéar ina chol ceathrar ag na stailceoirí ocrais Francis Hughes agus Thomas McElwee as Baile Eachaidh i gCo Dhoire a fuair bás i bpríosún na Ceise Fada i 1981. Bhí saothar ollmhór caite aige leis an Choimisiún Ceartais agus Síochána san iarracht a rinneadh le réiteach a fháil ar an stailc ocrais.

D'oibrigh sé chomh maith le Coimisiún na bParáidí le dúil réiteach a fháil ar aighnis a bhaineann le paráidí conspóideacha sa Tuaisceart.

Chaith sé seal fosta ag obair le Trócaire i Ruanda i ndiaidh an doirteadh fola a tharla le linn an chogaidh chathartha sa tír sin i dtús na nóchaidí.

Cuireadh an tAthair Oilibhéar i gcré na cille i Reilig Mhuire i Leamhaigh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ