Deir an Ghíomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) go bhfuil baol ag baint le soláthairtí poiblí éagsúla a chuireann uisce ar fáil do bheagnach leathmhilliún de phobal na tíre.
Deir an EPA go bhféadfadh an t-uisce óna soláthairtí seo,45 san iomlán, a bheith contúirteach le n-ól agus go gcaithfear an caighdeán seo a fheabhsú anois ar mhaithe le sláinte an phobail.
Tá an t-eolas ar fáil sa tuarascáil is deireanaí ón ghníomhaireacht ar chaighdeán an uisce a sholáthraítear go poiblí.
Tuarascáil í seo a bhaineann le 2024.
I 2023 bhí 53 córas uisce nach raibh sábhailte don phobal, agus anuraidh bhí sin laghdaithe go 45.
Deirtear ann freisin go bhfuil caigdeán an uisce ó fhormhór na bhfoinsí poiblí, sábháilte agus go bhfuil 99.8% de na córais ag cloí le caighdeáin baictéir agus ceimiceán.
Deir Cormac Mac Gearailt, Oifigeach Eolaiochta, An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil an méid seo:
'Caithfidh Uisce Éireann feabhas a chur ar an chóras naisiúnta. Beidh gá le hairgead agus acmhainní breise gach bliain leis an chóras a fheabhsú le go mbeidh uisce sábhailte le hól againn sa todhchaí'.
Deir an ghníomhaireacht go gcaithfear dlús a chur le feabhas a chur ar na córais seo ar fud an stáit.