Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

DJ Carey ag pléadáil ciontach i 10 gcúis i dtaca le dallamullóg

02 JULY 2025, 10:39

DJ Carey ag pléadáil ciontach
X Facebook

Phléadáil an t-iar iománaí aitheanta, DJ Carey ciontach inniu i 10 gcúis atá curtha ina leith i dtaca le dallamullóg a chur ar an bpobal.

Bhí Carey (54) le cur ar a thriail i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath ar maidin ach i bhfianaise é pléadáil ciontach ní gá dul ar aghaidh leis an triail anois.

D'admhaigh sé gur iarr sé ar dhaoine airgead a íoc leis le go mbeadh sé in ann íoc as cóir leighis don ghalar ailse a dúirt sé a bhí air.

Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin nach raibh aon ailse ar an bhfear.

Gearrfar píonós ar DJ Carey i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn.

Bhain DJ Carey cáil náisiúnta amach sna nóchaidí a bhuíochas dá chuid imeartha le foireann sinsir Chill Chainnigh.