Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil a rialtas meáite i gcónaí ar tháillí agus costais eile a ísliú do mhicléinn 3ú leibhéal.
Tá cáineadh á fháil ag an Rialtas faoi láthair i dtaca leis an táillé clárúcháin a bheith á ardú arís tuigtear sna hollscoileanna.
Tá roinnt doiléireachta ag baint leis an gceist go fóill áfach ach tá an baol ann go mbeidh €1,000 breise le n-íoc anois ag chuile mhacléinn.
Bhí ísliú i gceist sna táillí anuraidh mar gur bhain seo leis na beartais a thug an Rialtas isteach ag an am chun dul i ngleic leis an gcostas maireachtála.
D'iarr ceannaire Shinn Féin,Mary Lou McDonald ar an Rialtas inniu teacht amach agus soiléiriú a thabhairt faoin táille iomlán a chaithfidh micléinn a dhíol sa bhliain acadúil atá romhainn.