Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fíneáil ar chomhar creidmheasa i gCo.Dhún na nGall

02 JULY 2025, 20:14

Banc Ceannais a ghearr an fhíneáil
X Facebook

Tá fíneáil gearrtha ag an Bhanc Ceannais ar chomhar creidmheasa i gCo Dhún na nGall.

Sárú a dhéanamh ar riachtanais a choscann sciúradh airgid chomh maith le sárú ar an Acht Comhar Creidmheasa 1997 faoi ndear an fhíneáil seo de bhreis is €36,000.

Faoin Acht Dlí Coiriúil maidir le Sciúradh Airgid agus Airgeadú Sceimhlitheoireachta 2010, tá dualgas ar chomhlachtaí beartais chosanta a chur i bhfeidhm le rioscaí a bhainistiú.

I bhfiosrúchán a rinne an Banc Ceannais ar Chomhar Creidmheasa na Maoile Rua agus Súilí, fuarthas amach go raibh cleachtas aige airgead a iarraidh agus a ghlacadh ó dhaoine nach rabh cuntais acu leis an Chomhar.

D'aistreofaí an t-airgead sin ansin go leictreonach chuig banc áitiúil, gan é a chur i dtaisce ar dtús i gcuntas de chuid an chomhair féin.

Deir an Banc Ceannais gur theip ar an Chomhar Creidmheasa seiceáil mar is ceart a dhéanamh ar dhaoine a bhí ag cur airgid I dtaisce, go raibh an cleachtas seo ar bun idir 2Eanáir 2014- 30 Meitheamh 2021.

Deir sé freisin go raibh breis is 2,300 de lóisteálacha ar fad agus gur suim iomlán os cionn €8m san iomlán a cuireadh i dtaisce ar an mbealach seo.