Tá omós ó chroí tugtha ag cúl báire fhoireann sacair na hÉireann Caoimhín Kelleher dá iar-chomhimreoir le Liverpool, an Portaingéileach Diogo Jota, a maraíodh go tragóideach i dteannta a dhearthár i dtaisme bóthair sa Spáinn go moch ar maidin inné.
I ráiteas ar na meáin shóisialta, dúirt Caoimhín Kelleher go raibh Diogo Jota ar dhuine de na cairde ab fhearr a bhí aige i saol an tsacair.
Bhí Caoimhín Kelleher ar bainis Jota sa Phortaingéil aon lá dhéag roimh an timpiste bóthair a tharla in aice le Zamora in iarthuaisceart na Spáinne.
Tá na sluaite ag freastal ar thórramh Jota, a bhí 28 bliain d'aois, agus a dhearthár André Silva, a bhí 25 bliain d'aois, in Porto sa Phortaingéil tráthnóna inniu.
Beidh sochraid na ndeartháireacha ar siúl in Gondomar ar chuimhais thoir Porto ag 10 a chlog ar maidin amárach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ