Tá fear 34 bliain d'aois cúisithe i ndúnmharú fir a ionsaíodh agus a maraíodh sa Bhaile Gaelach in iarthar Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inné.
Tugadh Christopher Kelly as Páirc an tSeanchaisleáin sa Bhaile Gaelach os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath tráthnóna, áit ar cúisíodh é i ndúnmharú Joseph McEvoy i dteach i gClós an tSeanchaisleáin.
Bhí Joseph McEvoy 34 bliain d'aois agus bhí beirt pháistí aige.
Ní dúirt Christopher Kelly dada nuair a cúisíodh é sa dúnmharú.
Cuireadh siar faoi choinneáil é agus tabharfar é os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar Dé hAoine beag seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ