Tá Uisce Éireann ag achainí ar an bpobal uisce a chaomhnú as seo go ceann scaithimh mar gheall ar an aimsir the.
Deir an comhlacht go bhfuil soláthairtí uisce á ndísciú ag an teaspach agus go bhfuil sé ina thriomach cheana féin i 31 abhantrach in dhá chontae dhéag.
Is iad na contaetha atá i gceist Tiobraid Árann, Port Láirge, Uíbh Fhailí, Corcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, An Mhí, Cill Chainnigh, An Iarmhí, Laois, An Clár agus Loch Garman.
Ní dearbhthriomach atá ann agus tá an soláthar uisce sna háiteanna sin "á bhainistiú", a deir an comhlacht.
Mar sin féin, tá orduithe caomhnaithe fógartha ag Uisce Éireann i dtrí áit, mar atá, An Muileann gCearr i gCo na hIarmhí; Baile na nGallóglach i gCo Dhún na nGall; agus Ceanannas-An Seanchaisleán i gCo na Mí.
Ina cheann sin, deir an comhlacht go mb'fhéidir go mbeadh sé ina thriomach fós in áiteanna eile freisin, Baile Átha Cliath ina measc.

Meastar go mbeidh an teocht chomh hard le 28 céim in áiteanna sa tír as seo go Dé Sathairn ar a laghad, agus táthar ag iarraidh ar dhaoine ar fud na tíre a bheith stuama tíosach ó thaobh uisce de fad is a mhairfidh an brothall.
In ainneoin go dtiteann go leor báistí sa tír seo, deir Uisce Éireann go gcailltear go leor di mar gheall ar an drochbhail atá ar infreastruchtúr an líonra náisiúnta uisce agus cuid mhór de seanchaite.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ