Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear ag pleadáil neamhchiontach i ndúnorgain Tom Niland

10 JULY 2025, 07:53

Tom Niland a bhásaigh in Ospidéal Ollscoile Shligigh ar an 30 Meán Fómhair 2023
X Facebook

Tá fear 31 bliain d'aois as Co Mhaigh Eo ag pleádáil neamhchiontach i ndúnorgain fir 74 bliain a bhásaigh san ospidéal bliain agus trí ráithe ó ionsaíodh é ina theach cónaithe i gCo Shligigh.

Bhí Tom Niland faoi dhianchúram in Ospidéal Ollscoile Shligigh ó fuair sé bascadh brúidiúil agus a theach i mbaile fearainn Dhún Fhlainn i Scrín Adhamhnáin á robáil ag buíon fear ar an 18 Eanáir 2022.

D'éag sé san ospidéal sin ar an 30 Meán Fómhair 2023.

Chomh maith le dúnorgain, tá John Irving as an Seanbharr i mBéal Easa i gCo Mhaigh Eo ag pléadáil neamhchiontach i dtrí chúis eile, lena n-áirítear príosúnú neamhdhleathach a dhéanamh ar Tom Niland agus mórdhíobháil a dhéanamh dó d'aon ghnó nó ar nós cuma liom.

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath inniu, cuireadh an giúiré faoi mhionn agus cuirfear tús ar maidin amárach le triail John Irving.

Meastar go mairfidh an triail tuairim is coicís.

Feirmeoir agus fear aonta ab ea Tom Niland agus ní raibh deartháireacha ná deirfiúracha aige.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ