Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

George Gibney ag glacadh lena eiseachadadh go hÉirinn

10 JULY 2025, 13:47

Iarchóitseálaí snámha náisiúnta na hÉireann George Gibney le heiseachadadh
X Facebook

Tá sé tugtha le fios ag aturnae an iarchóitseálaí snámha George Gibney sna Stáit Aontaithe nach gcuirfidh a chliant in aghaidh a eiseachadta go hÉirinn, áit a bhfuil sé cúisithe i gcionta gnéasacha.

Gabhadh George Gibney, atá sna seachtóidí, i stát Florida naoi lá ó shin de bhun barántas a bhí eisithe ag na húdaráis in Éirinn ina leith.

78 cúiseamh a bhaineann le hionsaí mígheanasach a dhéanamh ar chailíní idir ocht mbliana agus cúig bliana déag d'aois atá curtha i leith George Gibney sa tír seo, chomh maith le hiarracht ar éigniú.

Bhí George Gibney le hiarratas a dhéanamh ar éisteacht a fháil i gcúirt in Orlando faoina chás, ach dúirt a aturnae gur cuireadh an t-iarratas sin ar ceal tar éis dá chliant na cúinsí ar fad a chur sa mheá.

Is cosúil go nglacfaidh George Gibney go hoifigiúil lena eiseachadadh go hÉirinn go gairid.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ