Tá cead tugtha ag an gCoimisiún Pleanála d'Uisce Éireann mórscéim cóireála fuíolluisce a fhorbairt i mBaile Átha Cliath a deir an chuideachta fóntais a theastóidh le freastal ar an líon mór áras cónaithe atá le tógáil sa réigiún san am le teacht.
Infheistíocht de €1.3 billiún atá luaite leis an scéim dá ngairtear go hoifigiúil Tionscadal Draenála Mhórlimistéar Bhaile Átha Cliath.
De réir a bhfuil beartaithe, tógfar ionad nua cóireála fuíolluisce ar shuíomh 30 acra i gCluain Seach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath le freastal ar an gcuid thuaidh den chontae agus ar chodanna de Chontae na Mí agus de Chontae Chill Dara.
Deir Uisce Éireann go bhfuil géarghá leis an tionscadal mar nach bhfuil sé d'acmhainn ag an ionad cóireála sa Rinn i mBaile Átha Cliath glacadh le tuilleadh fuíolluisce faoi láthair.
Tá sé i gceist freisin séarach nua a chur faoi thalamh agus fuíolluisce cóireáilte a sceitheadh san fharraige sé chiliméadar amach ó Bhaile Dúill i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Daoine a chuireann in aghaidh na scéime, tá ocht seachtaine acu chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh ar an Ard-Chúirt.
Meastar gur in 2032 a bheas an tionscadal curtha i gcrích, má bheidh, agus deirtear nach mbeifear in ann an oiread tithe nua a thógáil agus atá beartaithe dá uireasa.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ