Deir Coimisiún na hEorpa go mbeidh sé ag breathnú go géar ar earraí áirithe óna Stáit Aontaithe a bhféadfaí taraifí a ghearradh orthu mura dtagtar ar chomhréiteach sásúil idir an coimisiún agus Rialtas Mheiriceá sna seachtainí atá romhainn.
Liosta nua d'earraí atá i gceist a deirtear agus is fiú suas le €72bn san iomlán iad.
Deir an Tánaiste Simon Harris go bhfoilseofar an liosta sin gan mhoill agus go scrúdóidh na ballstáit go géar é.

Is é an Coimisinéar Trádála agus Slándáil Eacnamaíochta,Maros Sefkovic a d'fhógair an moladh seo is deireanaí ag an gcruinniú d'airí trádála an Aontais Eorpaigh (AE).
Bhí na hairí sin i mbun cruinnithe sa Bhruiséal ó mhaidin agus iad ag plé an bhagairt is deireanaí atá déanta ag Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump i dtaca le taraifí.
Deir an tUachtarán Trump anois go gcuirfidh sé taraif 30% ar earraí a importáileann na Stáit Aontaithe ón AE ón 1Lúnasa.

Tá sé ráite ag an Aire Airgeadais,Paschal Donohue go gcreideann sé i gcónaí gur féidir teacht ar shocrú sásúil san aighneas seo.
Ar an gclár raidió de chuid RTÉ, Morning Ireland ar maidin dúirt an Coimisinéir Eorpach atá freagrach as daonlathas,dlí is cirt agus cosaint tomhaltóirí, Michael McGrath go leanfaidh an idirbheartaíocht trádála leis na Stáit Aontaithe idir seo agus spriocdháta an Uachtaráin Trump.
'Ach' a deir sé, 'mura dtagtar ar shocrú le Rialtas Mheiriceá ar cheist na dtaraifí, tiocfaidh freagra on AE a bheidh láidir agus tapa.