Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Donohue díomách ach muiníneach i gcónaí i mbainistíocht NTMA

14 JULY 2025, 13:54

Calaois mhór déanta ar an NTMA
X Facebook

Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohue i ndiaidh a rá nach bhfuil aon mhuinín caillte aige i lucht bainistíochta Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (NTMA) ainneoin na calaoise móire a rinneadh ar an eagraíocht.

€5m a goideadh ón NTMA i ndiaidh do chiste infheistíochta dá chuid íocaíocht airgeadaíochta a dhéanamh le 3ú páirtí a lig air féin gur comhlacht infheistiúcháin a bhí ann.

Bhí íocaíocht dhleathach faighte ag an gcomhlacht céanna roimhe seo.

Tharla an chalaois an tseachtain seo caite agus cuireadh na gardaí ar an eolas faoin scéal a luaithe is a tuigeadh an ghadaíocht.

Ag preasagallamh dúirt an tUasal Donohue gur díol aiféala gach ar tharla agus nach minic lena léithid tarlú.

Is é an NTMA atá freagrach as fiacha náisiúnta na tíre.

Tá sé tugtha le fios aige freisin go bhfuil bannaí flaithiúnais de chuid Iosrael, na hÉigipte, agus na hIordáine díolta aige i bhfianaise na míshocrachta sa Mheánoirthear faoi láthair.