Tá 8 mbliana de théarma príosúnachta gearrtha ar fhear a fuarthas ciontach in éigniú agus in ionsaithe gnéis a dhéanamh ar thriúr deirfiúracha dá chuid na blianta siar.
Phléadáil Richard Brennan (64), iar-shagart as Ráth Fearnáin i gCo.Bhaile Átha Cliath ó dhúchas as éigniú agus ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar a dheirfiúr Paula Fay ag tráthanna éagsúla agus í idir 15-17 bliain d'aois.

Phléadáil sé ciontach freisin in éigniú agus ionsaithe mígheanasacha ar dheirfiúr eile Catherine Wrightstone nuair a bhí sise idir 9 agus 13 bliain d'aois.
D'admhaigh sé freisin go ndearna sé ionsaí mígheanasach ar an triú deirfiúr, Yvonne Crist, nuair a bhí sise 20 agus eisean 18 bliain d'aois.
Is ag traenáil le bheith ina shagart a bhí Brennan nuair a rinne sé na hionsaithe seo ar fad.
Bhí sé ag pléadáil neamhchiontach sna cúiseanna go dtí gur thug na triúr deirfiúracha a gcuid fianaise sa Phríomh Chúirt Choiriúil.
Gearradh 4 bliana go leith de théarma príosúnachta an mhí seo caite ar dheartháir eile sa chlann,Bernard Brennan (67) as a dhrochúsáid ghnéis ar Paula Fay agus Yvonne Crist.
Chualathas sa chúirt freisin le linn thriail na beirte gur fhág na hionsaithe seo tré chéile fíor dhrochbhail ar na mná a d'fhulaing agus gur tharla a bhformhór nuair a bhí na mná ina gcailíní óga ag aois an-leochaileach.