Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bean ciontaithe as éigniú a hiníon a éascú

14 JULY 2025, 16:04

An Phríomh Chúirt Choiriúil
X Facebook

Ciontaíodh bean sna caogadaí as éascú a dhéanamh le go bhféadfaí iníon léi a éigniú gan í ach 6 bliana d'aois.

Ciontaíodh uncail an chailín óig as an éigniú féin..

Sna fichidí anois atá an bhean a héigníodh nuair a bhí sí in aois linbh.

Thug sí cuntas sa Phríomh-Chúirt Choiriúil as an mbealach ar fhás sí suas i dteaghlach a bhíodh go síoraí ag ól agus foiréigneach go minic.

Ní féidir an teaghlach atá i gceist a ainmniú ar mhaithe le haitheantas na mná a d'fhulaing a chosaint.

Thart ar 3 1/2 bliain a bhí sí a dúirt sí nuair a héigníodh ar dtús í, a máthair a bhí ciontach an uair úd de réir a tuairisce.

'Sula raibh mé 6 bliana d'aois' a dúirt sí, 'd'éignigh m'uncail mé i seomra codlata agus bhí mo mháthair i láthair ag an am'.

Ciontaíodh an mháthair freisin i 2 ionsaí gnéis eile freisin.

Cuireadh siar faoi choinneáil an mháthair agus a deartháir go dtí go ngearrfar píonós orthu i mí Dheireadh Fómhair.