Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Nikita Hand leis an dlí a chur in athuair ar McGregor

01 AUGUST 2025, 10:27

Nikita Hand ag cur an dlí arís ar McGregor
X Facebook

Tá Nikita Hand leis an dlí a chur in athuair ar an iar-dhornálaí MMA,Conor McGregor.

Tá caingean nua shibhialta eisithe ag a dlíodóir i gcoinne McGregor chomh maith le lánúin a raibh sé i gceist aige a úsáid ina achomharc sular tharraing sé siar an t-iarratas.

Maíonn Nikita Hand go raibh mí-úsáid mhailíseach ar bun ag an triúr i dtaca leis an bpróiseas cúirte.

Bhí sé i gceist ag Conor McGregor iarraidh ar Samantha O'Reilly agus Steven Cummins fianaise a thabhairt san achomharc, le súil is go gcaithfí amhras ar fhianaise Nikita Hand maidir leis na gortuithe a deir sí a d'fhulaing sí.

Tharraing sé siar an t-iarratas sin ní ba dheireanaí, cé nach bhfuiltear baileach cinnte go fóill cén fáth a ndearna sé seo.

Tá sé maíte ag Nikita Hand go léiríonn seo ar fad gur deargbhréaga a bhí á gcumadh ag McGregor.

Chaill McGregor inné san achomharc a thug sé i gcoinne chinneadh an ghiúiré san Ard Chúirt gur éignigh sé Nikita Hand i Nollaig na bliana 2018.