Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tuilleadh scrúduithe le déanamh ar chorp Martha Nolan-O'Slatarra

07 AUGUST 2025, 09:09

Ba as Ceatharlach ó dhúchas Martha Nolan-O'Slatarra
X Facebook

Deir na póilíní i Nua-Eabhrac nár léirigh scrúdú iarbháis a rinneadh ar chorp mná as Éirinn a bhásaigh ansin arú inné go ndearnadh aon fhoréigean uirthi.

Bhásaigh Martha Nolan-O'Slatarra, bean ghnó 33 bliain d'aois as Ceatharlach ó dhúchas, ar bhád a bhí ar ancaire in Long Island.

Deir na póilíní go bhfuil mionscrúdú fós le déanamh ar a corp le súil cúis a bháis a dhearbhú.

Fiontraí faisin ab ea Martha Nolan-O'Slatarra a chuaigh chun cónaí i Nua-Eabhrac thart ar dheich mbliana ó shin, áit a raibh an-rath uirthi.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ