Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Simon Harris cáinte faoi chás Harvey Morrison Sherratt

13 AUGUST 2025, 16:25

Harvey Morrison Sherratt as Baile Átha Cliath a fuair bás coicís ó shin
X Facebook

Tá ceannaire Aontú Peadar Tóibín ag iarraidh ar an Tánaiste Simon Harris éirí as oifig mar gheall ar an gcaoi ar caitheadh le buachaill naoi mbliana d'aois as Baile Átha Cliath a fuair bás coicís ó shin.

Bhí spina bifida agus scolóis ar Harvey Morrison Sherratt as Cluain Dolcáin a ndearnadh obráid phráinneach dromlaigh air i mí na Samhna anuraidh, beagnach trí bliana ó cuireadh a ainm ar an liosta feithimh i mí Feabhra 2022.

Tháinig sé chun solais anuraidh gur baineadh ainm Harvey den liosta feithimh idir an dá linn ar chúis éigin i ngan fhios dá mhuintir.

Dúirt Peadar Tóibín inniu gur gheall Simon Harris, nuair a bhí sé ina Aire Sláinte in 2017, nach mbeadh leanbh ar bith ag fanacht níos mó ná ceithre mhí le hobráid mar é.

Sin gealltanas nár chomhlíon Simon Harris, arsa Peadar Tóibín, agus d'iarr sé Coiste Sláinte an Oireachtais a thabhairt le chéile láithreach agus an Tánaiste a theacht os a chomhair.

Thug urlabhraí an Tánaiste le fios, áfach, gur ghníomhaigh Simon Harris a thúisce a chuala sé faoi chás Harvey Morrison Sherratt.

Labhair a ionadaí ar an bpointe leis an Roinn Sláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, arsa an t-urlabhraí, agus iarradh cúram cliniciúil a chur ar fáil don bhuachaill gan mhoill.

Inné, d'iarr ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ar Simon Harris cruinniú a bheith aige le tuismitheoirí Harvey, Gillian Sherratt agus Stephen Morrison.

Thug an Tánaiste le fios tráthnóna inniu gur labhair sé le Gillian Sherratt níos túisce inniu agus gur shocraigh siad beirt teacht le chéile go gairid le cás Harvey a phlé.

D'éag Harvey ar an 29 Iúil agus dúirt a thuismitheoirí an tseachtain seo caite nár insíodh dóibh fós cad ba thrúig bháis dó.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ