Tá croitheadh sceimhle eile fós bainte as muintir Chathair Gaza, agus na scórtha acu maraithe freisin, ag diúracáin agus sliogáin pléascacha na nIosraelach.
Tá na hIosraelaigh mionnaithe forlámhas iomlán a ghabháil ar an gcathair sin agus a mbeidh fanta ina mbeatha den phobal faoi sin a dhíbirt as an áit mar chuid den chinedhíothú atá siad a dhéanamh in iamhchríoch na bPalaistíneach.
Tuairiscítear go bhfuil 123 duine maraithe ag fórsaí míleata Iosrael in áiteanna éagsúla in Gaza le ceithre huaire fichead.
Deirtear gur scriosadh a lán áras cónaithe in oirthear Chathair Gaza agus gur maraíodh dháréag i dteach amháin i gcomharsanacht Zeitoun.
Is iad na tancanna atá ag déanamh go leor den slad sa chathair sin agus rún ag na hIosraelaigh an áit a bheith faoina smacht acu faoi cheann cúpla lá.
Mhaígh Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu – gan a dhath a ligean air féin – nach rabhthas ag cur aon iallach ar Phalaistínigh imeacht as Gaza agus dúirt go bhféadfaidís imeacht dá ndeoin féin agus gur cheart do thíortha eile iad a thabhairt isteach.
Is beag glacadh atá le finscéalaíocht úd Netanyahu, áfach, ná lena maíonn na hIosraelaigh i dtaobh anró mhuintir Gaza go ginearálta.
Máire Mhic Róibín, iarUachtarán na hÉireann agus gníomhaí cearta daonna, tharraing sí aird ar an ngéarocras atá in Gaza agus ar mhaíomh na nIosraelach go bhfuil siad réidh le bia a dháileadh ar dhaoine ann.
Dúirt sí gur áiféis agus seafóid a bhí sa mhaíomh sin agus chuir sí i leith na nIosraelach go raibh siad ag insint bréaga mailíseacha.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ