Tá cead tugtha d'fhear as an Nigéir a díbríodh as Éirinn filleadh ar an tír seo agus cosaint idirnáisiúnta a iarraidh ar na húdaráis anseo an athuair.
Seoladh an fear ar ais chun na Nigéire i mí na Bealtaine seo caite ar eitilt ar íoc an Stát as.
Sna tríochaidí atá an fear agus bhí sé ag obair ar fheirm sicíní i gCo an Chabháin sular ghabh na Gardaí é de bhun ordú díbeartha.
Deir an fear go bhfuil sé i mbaol a chiaptha sa Nigéir – agus i mbaol a bháis go deimhin – mar go bhfuil sé aerach.
De réir dhlí na tíre sin, is féidir suas le ceithre bliana déag príosúin a ghearradh ar dhaoine as gníomhaíocht chomhghnéasach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ