Deir Rialtas na Rúise go ndearna fórsaí míleata na tíre mórionsaí diúracán agus drón ar ionaid mhíleata thábhachtacha san Úcráin an mhí seo caite.
Maíonn na Rúisigh gur ionsaigh agus gur scrios siad roinnt ionad déantúsaíochta diúracán in dhá áit éagsúla in oirthear na hÚcráine.
Scriosadh freisin ionaid eile a raibh airm á ndearadh iontu, a deir na Rúisigh, chomh le hionaid eile fós a raibh breosla roicéad á tháirgeadh iontu.
Ina cheann sin, ar siad, scriosadh córais chosanta na n-ionad sin ar fad a bhí in ainm diúracáin na Rúiseach a choinneáil amach, córais chosanta a bhí curtha ar fáil ag tíortha an Iarthair don Úcráin.
Ceaptar gur inniu thar aon lá eile a d'fhógair na Rúisigh an scéala faoin mórionsaí seo agus fonn orthu a gcumhacht a mheabhrú don Iarthar díreach roimh an gcruinniú mullaigh a bheas ar siúl in Alasca amárach idir Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump.
Is le cur i bhfáth ar Putin deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin a deir Trump a d'iarr sé an cruinniú.
Bhí cruinniú ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer i Sráid Downing ar maidin innu lena bhfuil i ndán don Úcráin a phlé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ