Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Neamhéifeacht, ísle brí' sna Gardaí soilsithe i dtuarascáil nua

14 AUGUST 2025, 11:48

'Ligtear mí-iompar le roinnt Gardaí san Aonad Póilínithe Bóithre' – tuarascáil nua
X Facebook

Deirtear i dtuarascáil nua faoi phóilíniú bóithre sa Stát nach bhfuil roinnt Gardaí ag feidhmiú mar ba cheart, go bhfuil lagmhisneach orthu faoina gcuid oibre agus gur cuma leo obair éifeachtach phroifisiúnta a dhéanamh nó gan a dhéanamh.

Foilsíodh an méid sin ar maidin inniu i dTuarascáil Crowe, athbhreithniú neamhspleách a rinneadh ar éifeachtúlacht agus ionracas Aonad Póilínithe Bóithre an Gharda Síochána.

Tá an tuarascáil bunaithe ar a bhfuair na húdair amach i sé rannán de chuid an Gharda Síochána ar fud an Stáit.

An easpa feidhmiúlachta a dtarraingíonn na húdair aird air, tugann siad le fios go ligtear é le roinnt Gardaí agus go gcuireann sin as go mór dá gcomhghleacaithe díograiseacha agus dá mbainisteoirí araon.

Maítear go deimhin gur go laglabhartha a ligtear é leis na Gardaí spadánta sin agus nach gcuirtear aon phionós ceart orthu ar fhaitíos go dtarraingeodh Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána achrann.

Mar sin féin, deir na húdair nár aimsigh siad aon fhianaise go bhfuil cultúr na neamhéifeachta eagraithe go córasach ag Gardaí san Aonad Póilínithe Bóithre ná go bhfuil bulaíocht ná comhéigean i gceist.

Is é an easpa maoirseachta éifeachtaí údar an oilc i ndáiríre, dar leo.

Tionscnaíodh an t-athbhreithniú tar éis do chomhalta den Aonad Póilínithe Bóithre gearán a dhéanamh le ceannasaíocht an Gharda Síochána faoi mharbhántacht a chomhghleacaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ