Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Mairéad McGuinness ag tarraingt amach as toghchán Uachtaránachta

14 AUGUST 2025, 16:09

'Ní le luathintinn a rinne mé an cinneadh' – Mairéad McGuinness
X Facebook

Tá sé fógartha ag iarrthóir Uachtaránachta Fhine Gael, Mairéad McGuinness, go bhfuil sí ag tarraingt amach as an toghchán ar chúinsí leighis.

I ráiteas a d'eisigh sí tráthnóna inniu, thug Mairéad McGuinness le fios gur chaith sí seal san ospidéal an tseachtain seo caite agus gurb é sin is cúis lena cinneadh a hainm a tharraingt siar.

Cinneadh deacair a bhí ann, cinneadh nach ndearna sí le luathintinn, arsa sí.

Ní mór di, a dúirt sí, tús áite a thabhairt dá sláinte agus thug sí le fios go gcuirfeadh an feachtas toghchánaíochta go dtína haonbheart í agus nach mbeadh sí in araíocht a dteastódh a chomhall.

Ghabh sí buíochas le cách a thacaigh léi san fheachtas go dtí seo.

Is é an tAire Talmhaíochta Martin Heydon stiúrthóir toghchán Fhine Gael agus dúirt sé go dtiocfadh comhairle feidhmiúcháin an pháirtí sin le chéile as seo go ceann cúpla lá leis an gcor nua sa scéal a chaibidil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ