Is ag thart ar 8 a chlog tráthnóna, am na hÉireann, a chuirfear tús le cruinniú mullaigh in Alasca idir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin maidir le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.
I mbunáit mhíleata in Anchorage a bheas an cruinniú ar siúl, ar cosúil nach mbeidh páirteach ann ach an bheirt cheannairí agus beirt ateangairí a chéile.
Tá Trump ar bior le dul go bunsprioc agus comhaontú a dhéanamh, go háirithe ó mhaígh sé cheana go gcuirfeadh sé deireadh leis an gcogadh a luaithe a thiocfadh sé i gcumhacht arís.
D'admhaigh sé inné, áfach, nach réidh í an tsnaidhm le scaoileadh agus ní foláir nó gur taibhríodh dó díreach in am gurb é an díogha is minice a fhaigheann an té a bhíonn saintiúil chun an togha.
Siúd is go bhfuil Trump mífhoighneach agus bundúnach, áfach, tá sé tugtha suas do Putin go bhfuil sé cáiréiseach agus dúnárasach agus dealraítear nach bhfuil an oiread fómhair ar fhear na Rúise comhaontú a dhéanamh.
Ar a shon sin, tá sé tugtha le fios ag Trump nach mbeidh sa chruinniú tráthnóna – óna thaobh féin de – ach an ceann a bhaint den scéal.
Dá mbeadh dea-thoradh ar an gcomhrá idir é agus Putin, arsa sé, ba mhian leis cruinniú mullaigh eile a eagrú gan mhoill a mbeadh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky páirteach ann.
Ina fhianaise sin, samhlaíonn sé go bhfuil Zelensky agus ceannairí an Aontais Eorpaigh níos dóchasaí anois ná mar a bhí roimhe seo nach ngéillfidh Trump barraíocht do Putin.
Go deimhin, dúirt Zelensky go gcreideann sé go nglacann Trump leis go gcaithfí slándáil na hÚcráine agus slándáil na hEorpa trí chéile a chosaint in aon chomhaontú síochána a dhéanfaí leis an Rúis.
Ceist íogair i gcónaí, ámh, agus a théann go smior an scéil, is ea an talamh san Úcráin atá gafa ag na Rúisigh agus a bhfuil siad mionnaithe é a choinneáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ