Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Palaistínigh le dealú óna chéile ag lonnaíocht nua Iosraelach

16 AUGUST 2025, 07:12

Tá sé i gceist ag na hIosraelaigh 3,400 áras cónaithe a thógáil gar don suíomh seo idir an Bruach Thiar agus Iarúsailéim Thoir
X Facebook

Deir oifig chearta daonna na Náisiún Aontaithe gur coir cogaidh ag na hIosraelaigh a bheadh ann lonnaíocht nua a thógáil ar chríocha na bPalaistíneach idir an Bruach Thiar agus Iarúsailéim Thoir, mar atá beartaithe acu.

Scarfaí Palaistínigh sa dá áit sin óna chéile dá dtógfaí an lonnaíocht nua agus bheadh an saol níos crua acu ná mar atá sé cheana féin, dar leis an oifig chearta daonna.

De réir an dlí idirnáisiúnta, is coir cogaidh é ag stát a shaoránaigh féin a lonnú i limistéar atá gafa aige.

Tá ballaíocht ar 700,000 coilíneach Iosraelach ina gcónaí i lonnaíochtaí daingnithe sa Bhruach Thiar agus in Iarúsailéim Thoir, mar a bhfuil an chuid is mó den chuid is fearr de na hacmhainní nádurtha dílsithe dóibh féin.

Is cosúil gur shocraigh na hIosraelaigh an lonnaíocht nua a thógáil i bhfonn go gcreachfaí agus go dtraochfaí na Palaistínigh tuilleadh le súil go mbainfidís deireadh dúile dá stát féin a bheith acu sa Bhruach Thiar.

Go deimhin, ní dheachaigh aire airgeadais Iosrael ar chúl scéithe leis nuair a thug sé le fios nach mbunófaí stát Palaistíneach go brách dá dtógfaí an lonnaíocht.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ