Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump nach bhfuil aon seans go dtabharfar ar ais an Chrimé don Úcráin mar chuid d'aon chomhaontú síochána idir an tír sin agus an Rúis.
Tá na Rúisigh seadaithe go daingean sa Chrimé ó ghlac siad forlámhas uirthi in 2014 agus níl lá rúin acu a ligean amach as a seilbh.
Tá sé curtha as an áireamh ag Trump freisin an Úcráin a ligean isteach in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) mar chuid de chomhaontú síochána.
Bhí cruinniú mullaigh in Alasca Dé hAoine seo caite idir Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin maidir le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.
I ndiaidh an chruinnithe sin, dúirt Trump nach raibh gá le sos comhraic sula ndéanfaí comhaontú síochána, athrú poirt ar ghlac na hÚcránaigh col leis.
Mhaígh sé freisin gur faoi Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky a bhí sé deireadh a chur leis an gcogadh.
Óna thaobhsa de, tá sé tugtha le fios ag Zelensky nach ngéillfidh sé oiread is orlach den Ucráin don Rúis.
Tá na ceisteanna sin agus rudaí eile a tháinig as an gcruinniú in Alasca le criathrú ag Trump agus Zelensky sa Teach Bán in Washington níos deireanaí inniu.
Ina dhiaidh sin, beidh cruinniú ag an mbeirt fhear le roinnt ceannairí Eorpacha, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen agus ceannaire ECAT Mark Rutte.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ