Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur cosúil go mbeidh cruinniú mullaigh go gairid ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky maidir le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.
Phléigh Trump an cheist le Zelensky agus le roinnt ceannairí Eorpacha sa Teach Bán in Washington inné agus díreach i ndiaidh na gcomhráite sin labhair Trump ar an teileafón le Putin lena bheannacht siúd a fháil faoin gcruinniú mullaigh, a dúirt sé.
Agus an méid sin déanta, arsa Trump, níl le socrú anois ach ionad an chruinnithe.
Thug Trump le fios freisin go mbeadh cruinniú ag an triúr acu – é féin, Putin agus Zelenksy – an lá céanna san ionad céanna.
Gan trácht ar cheist an chogaidh, dúirt Trump gur phléigh sé le Putin sa chomhrá teileafóin moltaí éagsúla le flaitheas náisiúnta na hÚcráine a chosaint i bhfad na haimsire agus mhaígh sé gur ghlac Putin leis na moltaí sin.
Is iad tíortha na hEorpa a chuirfeadh aon bheartais chosanta i bhfeidhm, arsa Trump, le tacaíocht ó na Stáit Aontaithe.
Bhí Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz i measc na gceannairí Eorpacha a ghlac páirt sna comhtáite sa Teach Bán inné agus dúirt seisean go raibh raibh sé den bharúil go dtionólfaí an cruinniú mullaigh idir Putin agus Zelenksy as seo go ceann coicíse.
Dhearbhaigh sé, áfach, nach raibh an lá ná an t-ionad socraithe fós.
Ina cheann sin, cé gur dheimhnigh Zelensky go mbeadh sé sásta labhairt béal ar bhéal le Putin, níl aon ní ráite fós ag fear na Rúise.
Go deimhin, is minic Putin ag baint boghaisíní ar an gceist agus ní dúirt a ulabhraí faoi chruinniú mullaigh ach go raibh "an ceapadh á chur san áireamh ag an Uachtarán".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ