Tá an bheirt ó Fhine Gael, Heather Humphreys agus Seán Kelly, ag iarraidh ar an bpáirtí sin iad a ainmniú mar iarrthóir sa toghchán Uachtaránachta.
Dhearbhaigh Heather Humphreys inniu gur shocraigh sí ar dhul san fhiontar in ainneoin gur fhógair sí trí mhí ó shin nach raibh suim aici a hainm a chur chun cinn.
Tháinig sí ar intinn eile, a dúirt sí, tar éis don iarrthóir a bhí roghnaithe ag Fine Gael ar an gcéad ásc, Mairéad McGuinness, tar éis dise tarraingt amach as an toghchán an tseachtain seo caite ar chúinsí sláinte.
Dúirt Heather Humphreys gur cara léi Mairéad McGuinness agus thug le fios nár theastaigh uaithi dul ina coinne.
Dúirt sí chomh maith gur éirigh sí as an bpolaitíocht i mí Lúnasa anuraidh mar go raibh sí traochta ag an am ach dúirt go raibh sí tagtha chuici féin ó shin.
Mar le Seán Kelly, Feisire Eorpach agus iarUachtarán Chumann Lúthchleas Gael, dúirt sé féin gur am trátha aige a ainm a chur chun cinn, go háirithe i bhfianaise chinneadh Mairéad McGuinness tarraingt siar agus tar éis do dul i gcomhairle lena theaghlach agus lena lucht tacaíochta.
Thug sé le fios freisin gur léiríodh dó le gairid go raibh níos mó tacaíochta aige i measc na coitiantachta ná mar a mheas sé féin.
Glacfaidh Fine Gael le hiarratais ar ainmniúchán don toghchán Uachtaránachta go dtí an 2 Meán Fómhair agus ceapfar go n-aimneofar an buaiteoir faoi lár na míosa sin.
Níl aon iarrthóir ainmnithe ag Fianna Fáil ná ag Sinn Féin go fóill agus ní fios an gcuirfidh ceachtar den dá pháirtí sin a nduine féin chun cinn nó an dtacóidh siad le haon iarrthóir eile go deimhin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ