Tá sé á mhaíomh ag lucht slatiascaireachta go mb'fhéidir gur maraíodh barr ar 46,000 iasc san Abhainn Mhór i dtuaisceart Chorcaí an tseachtain seo caite, sin níos mó faoi chúig ná mar atá áirithe ag an ngníomhaireacht Stáit, Iascach Intíre Éireann.
Thug Iascach Intíre Éireann le fios inné gur idir 8,000 agus 10,000 iasc a maraíodh san Abhainn Mhór agus in dhá fho-abhainn léi, mar atá, An Abha Bheag agus An Chlaoideach.
Bric bhuí fhiáine is mó a maraíodh, dar leis an ngníomhaireacht.
Ceapann na slatiascairí, áfach, gur 46,000 iasc ar a laghad a maraíodh i bhfad 30 ciliméadar den Abhainn Mhór idir Baile Lombaird agus Cill an Mhuilinn.
Deir siad freisin go ndeachaigh "an tubaiste éiceolaíochta" seo i gcion ar a lán speiceas thar an mbreac buí, lena n-áirítear an bradán, muóg an bhradáin, muóg an bhric, an garmachán, an déas, an róiste agus an eascann.
Tá saineolaithe ó Fhoras na Mara ag déanamh tástálacha ar shamplaí a tógadh ón uisce go bhféachfaí le dearbhú cad ba chúis leis an tubaiste.
Ní bheidh aon toradh ar na tástálacha sin go ceann 20 lá eile, áfach.
Mar sin féin, tá sé tugtha le fios ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go léiríonn réamhthástálacha a rinne siad féin nach ábhar a sceitheadh as aon ionad atá ceadúnaithe acusan ba shiocair leis an slad ar na héisc.
Léironn na tástálacha sin freisin, a deir an ghníomhaireacht, go bhfuil caighdeán an uisce sa cheantar mar is ceart.
Dúradh roimhe seo go mb'fhéidir gur galar fungasach a scaip i measc na n-iasc ba thrúig bháis dóibh ach táthar amhrasach faoi sin anois agus dealraíonn sé nach mbainfear an diamhair den scéal go ceann scaithimh eile fós.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ